Canúint: Uladh

Saibhreas: 2 / 5

Luas: 2 / 5

Soiléireacht: 4 / 5

Amhrán na Scadán

Cur síos: Amhrán ó Oileán Thoraigh scríofa ag Éamonn Ghráinne Mac Ruairí.

Cainteoir: Grúpa páistí as Scoil Fhionnáin, An Fál Carrach (Grúpa)

Cruthaitheoir(í): Éamonn Ghráinne Mac Ruairí

Bliain: 1982

Nótaí breise: Ach anois atá mé aosta is mé ag éirí lag breoite tinn, Níl mé ag dúil go brách le biseach a fháil go síntear mé sa chill, Bheirim altú do Dhia na glóire mar chuir mé isteach m’am Ar chreig i lár na farraige i measc éanacha na mbeann. Bím ag smaointiú ar an eangaigh is ar an bhád a mbíonn sí ann, Bím ag smaointiú ar na rámhaí is a mbuillí ins an toinn, Bím ag smaointiú ar an fhearthainn ’s ar an tréan a bhí sa ghaoith ’S gach uair dár chroch mé an stiúir uirthi ’s an teilm ina cionn. Nuair a shuím cois na tineadh, bím ag smaointiú ar an am A raibh mé fhéin ’s mo churach beag amuigh ar bharr na dtonn, ’S gan idir mé is an tsíoraíocht ach an t-éadach tana tarr Ag cosnamh gaoithe is farraige i measc éanacha na dtonn.