Canúint: Connacht

Saibhreas: 2 / 5

Luas: 2 / 5

Soiléireacht: 4 / 5

Aililiú na Gamhna

Cur síos: Buaiteoir ag Slógadh 1980 – amhrán le tionlacan, faoi 13

Cainteoir: Bríd Ní Chatháin as Bearna (Páiste)

Bliain: 1980

Nótaí breise: Amhrán ón gclár “Imeasc na bPáistí”. Craoladh an clár ar 25/05/1980 Iníon d’aoire mé féinig gan amhras Do bhíodh ina cónaí cois taobh na Leamhna Bhí bothán agam féinig is fuinneoga i gceann dóibh Is nuair a bhíodh an bainne te agam ‘sea ghlaofainn ar na gamhna. Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta. Faightear dom canna ‘gus faightear dom buarach Is faightear dom soitheach ina gcuirfead mo chuid uachtair Ceolta sí na cruinne a bheith dá shíorchur i m’chluasa Is gur bhinne liomsa géimneach na mbó ag teacht chun buaile. Aililiú na gamhna, na gamhna bána Aililiú na gamhna, na gamhna b’iad a b’fhearr liom Aililiú na gamhna, na gamhna geala bána Na gamhna maidin shamhraidh ag damhsa ar na bánta.