Jimmy Mo Mhíle Stór
Cur síos: Buaiteoir ag Slógadh 1980 – amhrán le tionlacan, faoi 13
Cainteoir: Bríd Ní Chatháin as Bearna (Páiste)
Bliain: 1980
Nótaí breise: Amhrán ón gclár “Imeasc na bPáistí”. Craoladh an clár ar 25/05/1980 Bliain an taca seo D’imigh uaim rún mo chléibh. Ní thiocfaidh sé abhaile Go dtabharfaidh sé cúrsa an tsaoil. Nuair a chífead é rithfead Le fuinneamh ró-ard ina chomhair Is chlúdód le mil é, Is é Jimmy mo mhíle stór. Bíonn m’athair is mo mháthair Ag bearradh is ag bruíon liom féin. Táim giobaithe, piocaithe, Ciapaithe, cráite de m’ shaol. Thugas taitneamh don duine úd Dob ‘fhinne is dob áille snó Is chuaigh sé ar bord loinge, Is é Jimmy mo mhíle stór. Rachadsa chun coille Agus caithfead ann an chuid eile de m’ shaol San áit ná beidh éinne, Ag éisteacht le ceol na n-éan, Ag bun an chrainn chaorthainn Mar a bhfásann ann féar go leor Ag tabhairt taitnimh don duine úd, Is é Jimmy mo mhíle stór.